Women in Politics and Political Life, from 1918 to 2018 - Virtual Tour

Blaiseadh den Turas Fíorúil ar an Tob-Mhúsaem,'Mná sa Pholaitíocht agus sa Saol Poiblí 1918 go 2018'
Tá súil againn go mbainfidh tú sult as an turas fíorúil le hinsint seo, 'Mná sa Pholaitíocht agus sa Saol Poiblí 1918 go 2018' – tob-mhúsaem nuálach ar a bhfuil an Dochtúir Sinéad McCoole i mbun coimeádaíochta air, a dhíríonn ar rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht agus sa tseirbhís phoiblí.
Tionscnamh de chuid Dheich mBliana an Chuimhneacháin 2012-2023, tugann an tob-mhúsaem léargas ar scéalta bhreis is 300 bean cheannródaíoch, mná a bhfuil eolas mór orthu chomh maith le mná nach bhfuil an oiread sin eolais orthu, a chur go mór le saol polaitíochta agus le seirbhís phoiblí na hÉireann ó 1918, chomh maith leis na mná sin a cheiliúradh.
Spreagann an taispeántas, agus an turas fíorúil a théann leis, daoine idir óg agus aosta féachaint siar ar aistear na tíre seo le 100 bliain anuas, agus í ar cheann de dhaonlathais pharlaiminteacha dheireanacha na hEorpa. Cuireann siad scéal ár staire coitinne, atá casta agus nár tugadh mórán aird uirthi roimhe seo, faoi bhráid an phobail ar bhealach atá insroichte, tarraingteach, fiúntach agus ar bhealach atá ábhartha do dhaoine idir óg agus sean. Chuir gach uile bean díobh le scéal náisiúnta na tíre in iomaí bealach, agus go minic ní bhfuaireadar mórán aitheantais ná buíochais lena linn féin.
Tugadh cead d'Aonad na gCuimhneachán, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, fáil a bheith acu ar chartlann phearsanta agus ar chartlann nach bhfacthas roimhe seo na n-ionadaithe tofa, na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí agus na ngníomhaithe atá ar fónamh, a bhí ar fónamh agus atá imithe ar shlí na fírinne, rud nár tharla riamh cheana. Táimid fíorbhuíoch do na mná seo agus a dteaghlaigh.
Is mian linn freisin aitheantas a thabhairt don tacaíocht a fuaireamar ó na hiarsmalanna, na leabharlanna, na taisclanna cartlainne náisiúnta agus idirnáisiúnta atá luaite sna teidil chreidiúna.
Thug an Tob-Mhúsaem leis Gradam Barr Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse sa chatagóir maidir le Barr Feabhais i gCultúr, Luachanna agus Éagsúlacht in 2019, tá comhráite náisiúnta faoi chomhionannas, faoi mheas a bheith againn ar a chéile agus faoin tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht agus sa tseirbhís phoiblí, á gcothú ag an Tob-Mhúsaem chomh maith le tacaíocht agus eolas a chur ar fáil do na comhráite sin. Leanann mná na hÉireann orthu de bheith ag cur go mór leis an tseirbhís phoiblí ina bpobail féin agus san oifig phoiblí, iad rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta ag an leibhéal is airde chomh maith le tionchar a bheith acu i ndáil leis na próisis sin.
Ní thugtar ach cuid den scéal sa turas fíorúil le hinsint seo. Chun tuilleadh eolais a fháil, is féidir leat cuairt a thabhairt ar an tob-mhúsaem i dTeach an Chóiste i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ón 2 Iúil.
Críoch